Pléann Lucy Ní Shíocháin an cheist seo; an bhfuil tionchar ag ár gcleachtaí faisin ar ár bhmeabhairsláinte agus muid sáite sa bhaile?
Is beag ábhar céiliúrtha a thug 2020 dúinn, cuireadh lánstad ar cuid mhór don ghnáthshaol mar thoradh. Anuas ar sin cuireadh stop le gnáth nósanna faiseanta. Tá sé éasca dúinn sleamhnú isteach sna brístí reatha gach maidin agus muid sáite sa bhaile. Ach cén éifeacht atá ag ár roghanna faisin ar ár bhmeabhair sláinte, an féidir linn a bheith ró-compáirdeach? Ar ndóigh bhí sé deas fanacht sna culaith óiche ar feadh na maidine ar dtús, ach tar éis bliain fada dorcha, táimid go léir braon bailithe de. I rith na paindéime fásadh meabhair sláinte daltaí tríú léibhéal níos measa mar a bhí riamh agus tá féincúram níos tábhachtaí anois ná a bhí cheana. Is minic a deireann mo chairde liom ní fiu é agus mé suite sa bhaile. Ach de réir na siceolaithe faisin is fiú é, tar éis beagainín taighde a dhéanamh ar an ábhar fuaireas amach cé comh tábhacht atá ár n-éadaí ó lá go lá.
1.Bliain na Féincúrama
Tháinig nós faiseanta an féincúram chun tosaigh i rith na paindéime is iontach an rud é daoine a fheiceáil ag díriú orthu féin. Casadh ár dtithe isteach i só-spánna agus muid ag déanamh cúram gruaige agus cóireáil aghaidhe sa bhaile. Anuas air sin, bíonn daoine ag déanamh níos mo aclaíocht, mar shampla ag déanamh iarracht 10,000 céim a shroichint gach lá. Tá dearcadh na hÉireannaigh tar éis athrú ó thaobh cúrsaí féincúrama. É sin go léir ráite, níl aon duine ag díriú ar an bhfaisean! Deir siceolaithe faisin go foirm féíncúram é an gléasadh suas. Nuair a fheicimid muid gleoite galánta mothaímid go bhfuil fiúntas déanta againn agus tá smacht againn ar ár tsaol. Is rud tábhachtach é seo sna amannta éiginnte atá ann.
2.Cabhraíonn sé linn a bheith in Ord is in Eagar
Tá sé tábhachtach chun gnáthnósanna dearfacha a chruthú dúinn féin agus muid sáinnithe sa bhaile. Déanta na firinne tá sé deacair teorainn a chruthú idir ár n-obair agus ár am scíthe lenár áit staidéir in aice na leapa. Is féidir lenár gcleachtaí faiseanta cabhrú linn fad a chur idir an saol oibre agus ár am saor. Caithimid éadaí áirithe agus muid ag déanamh acláíocht cén fáth nach caithimid éadaí áirithe agus muid ag obair? Tá sé riachtanach éirí as an chulaith óíche ar feadh an lae oibre chun scarrúint a dhéanamh idir an dhá pháirt difrúil dár tsaol. Deir Carolyn Mair, síceolaí, go bhfuil nasc díreach idir roghanna faiseanta agus rátaí táirgiúlachta. Dá bhrí sin, cuir ort léíne deas maidin dé Luan agus is féidir leat sleamhnú ar ais isteach sa bhristí reatha um thráthnóna.
3.Is furasta nós a dhéanamh as!
Is deas an rud é a bheith ag féachaint snasta. Is aoibhinn linn go léir spléacadh a fháil dúinn féin sa scáthain agus muid gléasta go péacach. Ní féidir a shéanadh go bhfuil difríocht ollmhór idir cad a fheictear sna scátháin agus ar na scáileáin na laeantha seo, tá ár n-amlíntí ar Instagram plódaithe le tionchairí gléasta go barr na méar in éadaí gleoite galánta. Agus muid
ag gliúcracht agus ag gliocaireacht ar na scáiléain deirimid ó b’aoibhinn liom a bheith gléasta suas cosuil le Roz Purcell nó Sophie Murray agus is féidir linn. Is cinneadh é éirí ar maidin agus feisteas deas a chuir orainn féin. Is dea-cleachtadh é agus cabhróidh sé linn triail a bhaint as roinnt stíl nó aestéitic éagsúil. Mar thoradh éireoimid as an dianghlasáil níos faiseanta ná bhíomar riamh!
Is amhlaidh diomsa go bhfuil tábhacht ag baint lenár roghanna faiseanta caithfear cothromaíocht a aimsiú idir compord agus stíl chun cabhrú linn meanga a chur orainn le linn na hammanta deacair atá romhainn. Tá muid ag gléasadh dúinn féin agus níl aon locht ag baint le sin. Ta dualgas againn go léir tabhairt aire dúinn féin le linn na paindéime é agus impím orainn go léir na brístí reatha a bhaint, is coir iad in aghaidh na faisin iad!