Le Jane Holland.

 

Is deacair an rud é smaoineamh faoi na deacrachtaí a bhíonn le sárú ag na daoine a chónaíonn in Uganda fé láthair. Ní féidir íomhá de Uganda a chruthú gan teannas foréigneach de shaghas éigint a bheith intuigthe, toisc nár bhlais an tír seo daonlathas liobrálach ó bunaíodh an stát tar éis é a bheith coilínithe ag na Sasanaigh. Ag an am sin níor cuireadh gnéithe daonlathais líobrálaigh ar nós saoirse na meáin chumarsáide i bhfeidhm de bharr easpa brú ó bhaill an rialtais. Chomh maith leis sin, is cóir nach mbeadh sé deacair vóta a chaitheamh i dtoghchán; ach is amhlaidh atá an scéal in Uganda toisc nach mbíonn na ceannairí i gcónaí ionraic, agus is minic a bhíonn amhras faoin mbuaiteoir, go háirithe mar go bhfuil Museveni tar éis bheith ina Uachtarán Uganda le nach mór daichead bliain. Mar bharr ar an donas, níl éinne ann chun seasamh in aghaidh Museveni; má deireann duine go bhfuil an rialtas tíoránta, nó muna aontaíonn duine leis go poiblí, caitheann Museveni i bpríosún iad. Mar sin, is cinnte go bhfuil daonlathas aindleathach i gceist le rialtas Uganda, mar a fheictear san Ungáir, le Viktor Orbán, agus le Vladimir Putin sa Rúis. Gan aon agó, cuireann na samplaí seo práinn agus baol poinc Uganda in iúl do chách, agus is cóir dúinn an scéal a phlé.

 

Is minic in Éirinn nach n-aithnítear an tábhacht a bhaineann leis na meáin chumarsáide chun an fhírinne a insint don phobal i gcoitinne. Baineann tábhacht le lucht na nuachta, mar deimhníonn said go mbíonn an rialtas i gcónaí freagrach as gach feachtas atá curtha i bhfeidhm acu. In Uganda, níl na meáin chumarsáide in ann aon rud mar gheall ar Museveni a rá, gan a bheith i bponc. Chomh maith leis sin, i rith an toghcháin is déanaí ní raibh éinne in Uganda in ann an idirlíon a úsáid toisc go raibh sé dúnta ag an rialtas; ní raibh na daoine in ann é a úsáid arís go dtí gur toghadh Museveni mar Uachtarán. Cé go raibh seans maith ann nach mbeadh sé rathúil agus go mbeadh an bua ag an réalt popcheoil Bobbi Wine, bhí an rialtas ag iarraidh nach mbeadh éinne in ann tuairimí a scaipeadh mar gheall ar chursaí an toghcháin.

 

Tá cur i gcrích an daonlathais liobrálaigh le feiscint i ngach stát iartharach atá mar dhaonlathas, mar shampla sa raic i Mhéiriceá le déanaí le hiarrachtaí Donald Trump a tháinseamh as an ról a bhí aige mar Uachtarán na Stáit Aontaithe. Cé gur theip ar an Seanad é sin a dhéanamh, is cinnte nach mbeadh ar Trump déileáil le torthaí na bhfocal a usáideann sé gan an brú ó na meáin, cé go mbíonn sé de shíor ag iarraidh an bonn a bhaint uathu.

 

Is é an rud dainséarach in Uganda ná gur éirigh le Museveni stad a chur leis na meáin le dhá bhliain agus fiche scór. Sin an fáth go gceapann an chuid is mó den daonra sa tír sin nach fiú é vóta a chaitheamh agus airgead a chailliúnt á dhéanamh, in ionad a bheith ag obair chun béile a chur ar an mbord dá gclanna.

 

Tá an saol seo uafásach dos na daoine ar fad atá ina gcónaí in Uganda, ach ag an am céanna níl taithí ag muintir na tíre seo ar chineál saoil ar bith eile. Sular tháinig Museveni ar an láthair bhí Idi Amin i gceannas ar Uganda, fear a bhí i bhfad níos measa ná Museveni agus a spreag faitíos i measc an phobail. Mharaigh sé a dhaoine féin, agus is deacair cur síos a dhéanamh ar an saghas céasta a rinne sé gan chinedhíothú a thabhairt air, mar is é sin go díreach cad a rinne sé leis na mílte duine (tá an uimhir daoine a mharaigh sé i bhfad ró-ard le figiúr cruinn a thabhairt air).

 

Mar sin, is é an ‘Coup d’état’ an slí is dleachtaí (cé nach bhfuil sé) a bhí in úsáid in Uganda riamh chun cumhacht a choimeád, toisc gurb é sin an slí ina fuair an bheirt acu, Museveni agus Idi Amin, an teideal de dheachtóir Uganda. Níl taithí ag rialtas Uganda ar dhaonlathas ceart toisc nár bhlais said riamh é; síleann said go dtagann cumhacht leis an méid daoine atá san arm agat, an méid fola a doirtear, nó an méid foréigin a úsáideann tú. Ní fíor é sin, ach más forleathan atá na smaointí seo in Uganda, conas is féidir leo treabhadh in aghaidh cad atá i ndán don tír? Is cinnte nach bhfuil freagra na ceiste seo simplí, agus ní dóigh liom go sásófar gach ball den phobal le hathrú ar rialacha agus feidhmniú na tíre sin, ach is cóir go mbeadh muintir Uganda in ann seasamh dá gcearta.  Cé nach bhfuil Bobbi Wine foirfe agus go bhfuil íomhá saghas seanfhaiseanta ina cheann aige le haghaidh todhchaí Uganda, n’fheadar an féidir le héinne a shéanadh go spreagann a chuid ceoil dóchas i muintir na tíre. Tá súil agam go mbeidh sé in ann Uganda a ghríosadh chun gnímh ó thaobh na saoirse agus an chomhionannais atá uatha.                                                              

 — Má tá breis eolais uait- éist le “The Messenger” ar Spotify.

 

Tags: