Scríte aige Seán Ó hUallacháin

Tá clú agus cáil ar cheol traidisiúnta na hÉireann ar fud an domhain, agus is mó ceoltóir thar sáile a bhaineann triail as ár gceol ársa draíochtúil a sheinnt. Tír amháin ina bhfuil ceol na hÉireann ag dul ó neart go neart ná an tSeapáin. Bhí deis agam labhairt le Narumi Campbell, bean arb as an tSeapáin di ó dhúchas agus a bhog go hÉirinn sa bhliain 2006. D’inis Narumi a scéal dom, ag trácht ar thionchar an cheoil Ghaelaigh uirthi agus ar a saol. Deineadh ár n-agallamh as Béarla, ach thug Narumi lán-chead dom an t-agallamh a aistriú go Gaelainn.

 

Cad as a dtáinig do shuim i gceol na hÉireann?

Nuair a bhí mé i mo pháiste beag bhí suim láidir ag mo sheanmháthair i gcultúr na hAlban agus is cuimhin liom go maith an lá ar bhronn sí léine tartan orm. An gcreidfeá, chaithinn ar scoil gach aon lá í. D’fhéadfá a rá gan dabht go raibh suim agam in Albain sula raibh aon spéis agam i gcultúr na hÉireann, ach nuair a bhí mé ar thóir tithe tábhairne Albannacha i mo bhaile dúchais, Kyoto, ní raibh ann ach tithe tábhairne Sasanacha agus pubanna Éireannacha. Bheartaigh mé dul isteach i gceann de na Irish pubs lá amháin dárb ainm ‘The Hill of Tara’, agus ní raibh mé in ann é a chreidiúint cé chomh cosúil is a bhí an ceol ann le ceol traidisiúnta na Seapáine. Fiú amháin, tá roinnt de na poirteanna mar an gcéanna, mar shampla, bhí Auld Lang Syne á sheinnt istigh i gceann de na pubanna, amhrán a thagann as Albain dár ndóigh, ach tá an tiúin chéanna i gceann de na hamhráin thraidisiúnta atá againn sa tSeapáin, dárb ainm ‘Hotaru no Hikari’. Thug mé faoi deara go raibh cosúlachtaí eile idir an dá thraidisiúin, agus bhí a fhios agam ansin gur theastaigh uaim tuilleadh a fhoghlaim. 

 

An bhfuil ceol traidisiúnta na hÉireann agus cultúr na nGael an-cháiliúil sa tSeapáin?

Tá agus níl. Bíonn cur amach ag roinnt daoine air, go háirithe sna caithreacha móra, agus bíonn paráid sách mór ar siúl ar Lá Fhéile Pádraig in Tokyo gach bliain. Is ar an ollscoil go dtagann an-chuid daoine óga ar an gceol sa tSeapáin, toisc go bhfuil an oiread sin clubanna sna hollscoileanna, clubanna cheoil thraidisiúnta ina measc. B’fhéidir nach mbeadh mórán cur amach ag muintir na hÉireann ar shochaí na Seapáine, ach uaireanta is áit an-uaigneach í. Sin é an fáth go dtéann ceol traidisiúnta na hÉireann i bhfeidhm ar Sheapáinigh chomh mór sin, i mo thuairim, ar aon nós. Tá sé chomh beo bríomhar agus oscailte sin go gcuireann sé iontas an domhain ar Sheapáinigh. Is breá leo é. Teastaíonn uathu a bheith páirteach ann.

 

Bíonn tusa ag seinnt go minic, ná bíonn?

Bíonn! Thosaigh mé amach ar na píobaí ach is í an fhidil an uirlis is ansa liom anois. Gan amhras ó thús na paindéime is beag deis a bhíonn agam a bheith ag seinnt lasmuigh den teach, ach sular thosaigh an ráig uafásach seo bhínn amuigh ag seinnt chomh minic agus ab fhéidir. Conaím i gCorcaigh agus gan dabht tá an trad scene go hiontach anseo. Airím uaim na laethanta roimh an bpaindéim, agus airím uaim mo sheanchairde a mbínn ag seinnt leo anois is arís ar nós Noel Hill, Mick Daly, agus Matt Cranich. Táim ag súil go mór leis na laethanta atá amach romhainn, nuair a bheimid ar ais ag seinnt le chéile sa chathair. 

 

Baochas ó chroí le Narumi Campbell as ucht a cuid ama is as ucht a léargais. 




Tags: