Le Niamh De Brún
Nuair a shuigh mé síos ag mo ríomhaire, bhí sceitimíní orm. Bhíos chomh neirbhíseach. Ach, ar an dtaobh eile den glaoch, d’oscail Mo Chara canna Gallaghad. Ag an bpointe sin, bhíos go hiomlán cinnte go mbeadh an comhrá seo fucking gas.
Tá Kneecap ina messers cearta. Ag gach pointe go bhfuil siad álbalta cuir isteach ar an rialtas, ar TG4, na Gardaí, ar chursaí polaitíochta, Arlene Foster srl. Deannan siad é. Sílim gur iad na rockstars deireanacha atá fós againn. Tá siad ina gcuid laochra móra mílteacha.
Conas a bhuaileadar le chéile? ‘Grindr… Bhuail muid ar Grindr i gcomhair gaeilgeoirí. D’oscail mé oíche amháin é agus just tháinig mé ar an lad seo agus… we’ve just never looked back since’. Ansin go dairíre, deireann Mó Chara: ‘bhí seisin ar scoil liom-sa. Bhí sé abhairín níos sine ná mise. Agus ansin bhíomar ag ól lena chéile ag seshenna lena chéile’ a insíonn Móglaí Bap: ‘agus thugamar (teangail*?hmmh? Teanga? Teagmháil? n’fheadar) ar a chéile.’ Bhí an chéad scéal níos fearr dar liom.
Cén fáth gur leanadar ar aghaidh leis an gceoil? Bhí an chéad amhrán acu – C.E.A.R.T.A, bhuel, bhí sé conspóideach. Bhí muintir an tuaiscirt ag tabhairt amach mar ghlaotar ‘The RUC’ ar lucht an PSNI agus bhí muintir an deiscirt ag tabhairt amach mar bhí an amhrán ag cur cuma cool ar drugaí. ‘Mar gheall gur chuir sé isteach ar dhaoine’ a mhíníonn Mo Chara. ‘Aye the craic as well’ a dheireann Moglaí Bap. Leanann Mo Chara ar aghaidh ‘Is aoibhinn linn cás maith den “fuckaround”. Níl faic eile le deanamh’
Rógairí cearta an beirt acu- tá siad beirt ar an glaoch ag caitheamh agus ól (tá sé a haon a chloig san iarnóin). An í an chuis le Kneecap an teanga a scaipeadh nó a bheith cur isteach ar daoine? ‘We don’t go out of our way (nílim cinnte cad atá le chuir i gceart anso We don’t go out of our way = Ní théimid as ár slí) é sin a dheanamh. Nílimid ag lorg é sin a dheanamh.’ Tá Moglaí Bop an-dairíre nuair a deireann sé é seo ach n’fheadar an creidim é sin lads. ‘Ach an rud is fearr faoi ná go raibh polaiteoirí, muinteoirí, tuismitheoirí is a leithéad ag roinnt C.E.A.R.T.A nuair a tháinig sé amach mar níor thuigeadar é. Ansin bhí siad ar buile.’ Deireann Mo Chara ‘Yeah bhí siad ag ceapadh go raibh sé deas dearfach’.
Ó thoabh cursaí polataíocht, cá sheasann na buachaillí- cad a ceapann sibh faoi Arlene Foster mar shampla? ‘Is brea liom í’ a deireann Mo Chara. ‘Le deich mbliain anuas, tá sí tar éis níos mó a dheanamh don gluaiseacht poblachtánach ná aon daoine eile.’ ‘Yeah tá sí ina absolute laoch’ deireann Moglaí Bop. Shilim go bhfuil an ceart ag Mo Chara: ‘Cad is fheidir leat rá fuithi? Níl aon ionadh orm anois nuair a deireann sí rud éigint.’ Ach an gceapann na lads go bhfuil aithne ag Arlene orthu? Bíonn Mo Chara ag smaoineamh ‘Ní dóigh liom é. Ach is álainn an smaoineamh é.’ Tá meangadh gáire ar a n-aghaidheanna ‘Tá súil agam é’. Deireann Móglaí ‘Táim cinnte go bhfuil aithne agus Chrissy Stalford (Christopher Stalford polaiteor DUP) orainn. Nuair a cuireann tú a ainm isteach I Google tagann ár n-amhrán suas. Má théann sé ar Google ag lorg a anim féin beidh an-díoma ar.’
Ach muna bhfuil fonn ar Kneecap cuir isteach ar daoine, nó an teanga a scapadh, cén fáth go bhfuil fonn orthu a bheith mar Kneecap? Deireann Moglaí Bop, ‘Well we love attention. Sin an chéad rud’. Ansin deireann Mo Chara ‘Sin abhairín fucking existential’. Tá neart na focail ag an mbeirt acu gan dabht. An thaitinn an saol seo leo? ‘Aye bhuel just tosnaíomar á déanamh agus bhíomhar go maith chuige. That’s all life is.’ Deirtear nach dtagann ciall roimh aois ag b’fheidir go dtagann sé ar an sesh?
So thaitin an saol seo lena na buachaillí. Bhí an t-ádh dearg orthu gur thit a slí beatha ar a nglúine nuair a bhí siad óg. Cad é na rudaí is fearr leo faoin saol na ceoilteorí?
Ag seinm ag féilí nó cheoilchoirmeacha? ‘Ahhh tá sé sin deacair’ a deireann Móglaí Bap. ‘Tá dhá buzzanna difriúla I gceist’. Chonaic mé Kneecap ag Electric Picnic agus chonaic mé iad i Cyprus Avenue agus táim mé féin idir dhá comhairle ó thaobh cén buzz atá níos fearr. Deireann Mo Chara ‘Ah bhí Cyprus Avenue dóchriedte. Mar níl ach 500 daoine ann, agus tá siad go léir ann I gcomhair Kneecap. Ach í bhféile bíonn daoine ag siúl isteach is amach ón puball.’ Aontaíonn Moglaí Bop, ‘Yeah agus tá níos lú undercover guards’.
An mbeidh aon suim acu a bheith san Eurovision I gcomhair Éire aontaithe? ‘Yeah deanfainn é sin. Jesus what a mark.’ deireann Mo Chara. Cúis eile i fabhar Éire aointaithe. C’mon lads. Deireann Móglaí Bap ‘Yeah cosúil le Daniel O’Donnell.’ Shílim mé fhéin go pearsanta go bhfuil na buachaillí an-difriúl Ó Daniel O’ Donnell, aineonn gur mhaith le seandaoine an dá rud. ‘Agus má raibh an praghas right’. Is docha go gheobhaidh siad votanna ó na Catalans is ná Basques. Aon phobal san Eoraip atá ag lorg neamhspléachas. ‘Sin smaoineamh maith. Ba cheart duinn é seo a eagrú’.
Bhí gig Kneecap Corcaigh sna Opera House curtha ar cheall. An bfhuil fonn ar na buachaillí buaileadh thar nais chuig contae na reibiliúnaigh? Deireann Mo Chara ‘Ní dóigh liom go bhfuil aon rud pleannaithe againn i mbliana.’ Deireann Moglaí Bop, ‘Chomh maith le sin bhí sé eagraithe ag an Cork Opera House agus bíonn cathaoireacha ann agus ní thógann siad na cathaoireacha amach go micnic. So níl ‘fhios agam an scéal.’ Tá brón orm é sin a chlos agus táim cinnte go mbeidh díoma ag lucht leanúna na mbuachaillí I Corcaigh. Mar a deireann an meme ar a idirlín ‘Feel like pure shit just want her back’.
‘Ach b’fheidir beidh gig againn I Cyprus arís má théann gach rud ar aghaidh I Méain Fomhair.’
Bhí an saol a bhí ag Kneecap roimh an pandéim dochreidte. Bhí siad ag taistil ó chathair go cathair, tír go tír, bhí siad i Nua Eabhrac nuair a raibh orthu teacht abhaile ar chúis Covid. Tá sé salach soiléir go bhfuil ionadh agus athás orthu an saol seo a bheith acu. Cad a bheadh sibh muna raibh an saol seo agaibh? ‘Virgins’.
Coinnigh súil amach i gcomhair mixtape nua Kneecap le DYRT.