Conas bheith níos inmharthana agus tú i do mhac léinn sa lá atá inniu ann; comhairle ó shaineolaí óg.
le Mark Ó hAirtrí Corcaigh, Feabhra 2021
I láthair na huaire is dócha nach gcloisimid aon rud seachas caint ar thodchaí na cruinne agus an bhagairt atá ann don timpeallacht de bharr truaillithe. Le astaíochtaí gás ceaptha teasa ag dul i méid, stailceanna aeráide faoi lán seoil ar fud an domhain agus plaisteach ag déanamh ionradh ar gach gné den saol, bíonn sé éasca dearmad a dhéanamh ar na céimeanna dearfacha atá curtha i bhfearas ag daoine ar nós Darragh Mac Conchoille, 23 bliain d’aois, atá mar mhac léinn de chuid na teangacha domhanda anseo i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Cé go bhfuil sé sa Fhrainc faoi láthair mar chuid den bhliain Erasmus, thug sé spléachadh dúinn ar a shaol féin agus na nithe bheaga a dhéanann sé chun a lorg carbóin a laghdú, leis na rudaí a itheann sé ach go háirithe.
Thug sé faoina aiste bia iomlán a athrú thart ar cúig bliana ó shin chun a bheith ina veigeán agus bhí sé mar fheoilséantóir ar feadh dhá nó trí bliana roimhe sin. “Ag an am, bhí mé fíor-thógtha le cearta ainmhithe ach anois cuirim níos mó béime ar chúrsaí timpeallachta agus mé féin á chothú le slánbhia atá taghta ó phlandaí.” arsa Darragh.
Ní raibh aon pointe suntasach spreagúil amháin aige le linn a shaoil a bhí mar chúis leis an athrú seo. Nuair a fhiafraíodh de cad as a thagann a shuim i gcúrsaí folláine agus bídh dúirt sé “chun an fhírinne a rá, níl a fhios agam! Níor ith mé ach prátaí agus ispíní agus mé an-óg, mar sin ní féidir liom a rá gur rugadh mé leis an bpaisean sin!” Cuireann sé cuid den mhilleán ar an eacnamaíocht bhaile, a bhí mar ábhar aige sa mhéanscoil. “Bhain mé an-taitneamh as agus bhí múinteoirí den scoth agam a mhúscail an tsuim sin ionam.” Munar leor é sin, cuid lárnach den saol aige sa bhaile freisin is ea dea-chothú. “Tá bia mar chuid de gach rud atá ag tarlúint – picnicí, cóisirí, dinnéir, gach rud! Bíonn béilí mhaithe ann i gcónaí agus níl dabht ar bith ach go raibh tionchar dearfach aige sin ar an dearcadh atá agam anois.”
Thosaigh sé blag in 2017 chun a chuid tuairimí agus smaointí a chuir in iúl i slí saghas difriúil. Dar leis, bíonn sé “i gcónaí ag féachaint ar YouTube ach ní dóigh liom go mbeinn ró-mhaith ag déanamh vlaganna! Mar sin, bheartaigh mé ar bhlag a thosnú. Tá sé cosúil le dialann ar líne agus táim in ann labhairt mar gheall ar pé rud gur mhaith liom, mar shampla oidis, cúrsaí timpeallachta, agus rudaí eile freisin.” Baineann sé úsáid as a chuntas Instagram chun fógraíocht a dhéanamh don bhlag agus chun scéalta agus tuairimí daoine eile a roinnt agus tá ag éirí go maith leis mar tá 39,345 duine tar éis alt dá chuid a léamh, leath acu siúd ag cur futhu in Éirinn.
Agus é ag trácht ar na buntáistí a bhaineann le haiste bia atá bunaithe ar phlandaí a leanúint, admhaíonn sé nach dochtúir atá ann ach go bhfuil sé “go mór den tuairim go bhfuil gá le níos mó plandaí a ithe chun corp sláintiúil a chothú.” agus gur cheart dúinn “an iomad bia próiseáilte” a sheachaint agus “níos mó béime a chur ar bhia cosúil le torthaí, glasraí, pónairí, cnónna, agus síolta.” Níos tábhachtaí fós, gnóthaíonn aiste bia mar seo i bhfad níos lú gáis ceaptha teasa agus “déanann sí maitheas don phláinéad.”
Nuair a cuireadh ceist air mar gheall ar vegeanáir, thug sé le fios nach bhfuil sé ró-cheanúil air mar ní thaitníonn rúin na hathbhliana leis go ginearálta. Tá sé den tuairim nach maith an rud é do shaol ar fad a athrú ag tús na bliana. É sin ráite, molann sé an treocht seo “toisc go gcuireann sé béim ar shlite itheacháin an phobail agus ardaíonn sé ceisteanna maidir le hinbhuanaitheacht chomh maith le heiticí an tionscail bídh.”
Is minic nach éiríonn le daoine leanúint leis don bhliain ar fad. Ní gá go mbeadh sé sin mar sprioc ag éinne ach tá Darragh den tuairim “go bhfuil sé fíor-thábhachtach tú féin a cheistiú agus a rá leat féin ‘Cén fáth go bhfuil fonn orm é seo a dhéanamh?’ Mar shampla, b’fhéidir go bhfuil tú ag iarraidh oidis nua a thriall nó b’fhéidir go dteastaíonn uait níos mó glasraí a ithe. Pé cúis atá agat, smaoinigh ar sin agus tú ag déanamh vegeanáir. Tá sé tábhachtach roghanna a dhéanamh atá oiriúnach duit agus ní do dhuine eile. Molaim go h-ard éisteacht le do chorp féin agus dul le sin.”
Tá comhairle thábhachtach aige do mhic léinn atá ag iarraidh níos lú feola a ithe. “Muna bhfuil mórán muiníne agat ó thaobh do scileanna cócaireachta de, tá go leor áiseanna ar fáil ar líne, mar shampla oidis ar YouTube nó Instagram; faigh cúpla oidis a thaitníonn leat agus bain triail astu! Bain triail as na béilí a bhfuil suim agat iontu cheanna féin, mar shampla curaí le tófú nó sicphiseánaigh in ionad sicín! Ina theannta sin, tá an méid sin roghanna sna bialanna anois, béilí veigeánacha agus a leithéid. Ith iad!”
Tá an méid sin rudaí gur féidir a dhéanamh go héasca agus gan mórán airgid nó go hiomlán saor in aisce ach an rud a mholfainn go mór ná dul isteach sa chistin agus do bhéilí a réiteach tú féin in ionad iad a cheannach sa siopa nó sa bhialann. Is rogha í atá i bhfad níos saoire agus níos sláintiúla. Tógann an chócaireacht níos mó ama i gcomparáid le béile réamh-ullmhaithe a cheannach, ach ar an iomlán tá an chócaireacht níos fearr duit agus don timpeallacht. Rudaí eile gur féidir leat a dhéanamh chun a bheith níos inmharthana ná éadaí a cheannach i siopaí carthanachta/siopaí sesanré agus gan iad a cheannach ó chomhlachtaí mearfhaisean (fast fashion?), laghdú a dhéanamh ar an méid dramhaíola atá i do shaol mar shampla do chupán féin a thabhairt go dtí an caifé in ionad cupán aon úsáide a thógaint, agus ‘vótáil’ a dhéanamh le do chuid airgid, sé sin le rá tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí áitiúla agus an geilleagar áitiúil a fhorbairt leis na rudaí atá á cheannach agat.
Nuair a fhiafraíodh de faoi tháirgí inbhuanaithe, chuir sé béim ar thábhacht na gcómhábhar áitiúla seachas rudaí iompórtáilte ó thíortha i bhfad i gcéin a cheannach. Dúirt sé nach mholann sé “aon rud faoi leith!” ach go bhfuil sé “go hiomlán i ngrá le bainne coirce” agus go bhfuil “na seacláidí de chuid ‘Nobó’ dochreidte ar fad!”
Más rud é go bhfuil fonn ort do chuid nósanna bídh a athrú ar mhaithe leis an timpeallacht, tá go leor áiseanna ar fáil anois idir leabhair, podchraoltaí, físeáin agus a thuilleadh nach iad agus is é an moladh is mó a bhíonn ag Darragh i gcónaí ná “an focal ‘veigeán’ a chuardach ar Google.” Dar leis, “tiocfaidh na mílte rudaí suas, tá gach rud ann!” Comh maith leis sin, ó thaobh eolais agus oideas de, molann sé daoine cosúil le The Happy Pear, Roz Purcell, Max La Manna, Lauren Singer, Jack Harries, agus Gaz Oakley.
Ina theannta sin, tá Darragh ag tabhairt íomhá nua-aimseartha, mealltach agus dearfach don veigeánachas. Níl aon amhras ann go dtiocfaidh borradh ar líon na ndaoine a bheidh á chleachtadh agus go mbeidh an inbhuanaitheacht faoi bhláth fad is a bheidh Darragh á chur chun cinn. Má chuirimid cuid de na hathruithe bheaga seo i bhfeidm mar aon leis na rudaí atá ar eolas againn cheana féin: laghdaigh, athúsáid, athchursáil… céim chun tosaigh ollmhór i slánú an phlainéid a bheadh ann gan dabht.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le Darragh ar www.plantpoweredhuman.ie