Fuíollach

Fadó dhein Íosa 

Bia a sholáthar

Dos na sluaite 

A bhí i láthair

Chun a theagasc 

A chlos

Thug dóibh 

Builíní aráin

Is bascaedaí

Lán trosc.

Níos mó de phlaisteach 

Sa bhfarraige ná d’éisc;

Dé-ocsaíd charbóin 

á scaoileadh go tréan:

Cleasanna iolraithe 

dár gcuid féin.

An Eala

Níor dhearúd an t-uisce,

An bradán ná an breac,

An saileach, an crann darach,

Níor dhearúdadar.

Ná níor dhearúd an corr réisc,

An caonach, na feithidí;

Is na dúilicíiní fionnuisce,

Ba bhuan a gcuimhne-san.

Ach dhearúdamarna. 

Raghad anois go dtín Sean-chúirt,

Caisleán na gCarathach cois Ealla,

Go suífead ann le hais an fhalla;

cluas a thabhairt don uisce ceolmhar,

is cuimhne abhann á roinnt liom. 

Tags: