Déanann Grace Claro cur síos ar an tslí a rinneadh na húdaráis Sasanacha iarracht na hÉireannaigh a chur faoi smacht sna 1500í trí srianta ar feisteas agus stíl gruaige a chur i bhfeidhm ar fud na tíre.

 

Chuir rí Henry VIII na Bhreataine dlíthe costais i gcrích in Éirinn sna 1540í. Ba dlíthe iad a chuir srian ar an chuma a bhí ar dhaoine, an sórt feisteas a chaitheadar, an tslí a ghléasadh duine, agus an stíl gruaige a chaitheadar fiú. Bhíodh na dlíthe seo i bhfeidhm sna sochaí fheodach ó am na meán-aoiseach . Bhíodar an-éifeachtach le smacht a chur ar na daoine de bharr gur insigh chulaith a chaith duine cén stádas a bhí acu sa sochaí; an duine bocht nó duine den locht uasal iad. Mar shampla, ní raibh cead ag éinne seachas an rítheaghlach éadaí costasach ar nós síoda le snathaid óir inti a chaitheamh orthú féin.

 

Anois, nuair a thugaimíd aghaidh ar Éireann sa 16ú aois, bhí Dlíthe na mBreithiúna faoin úsáid agus chaith formhór den phobail éadaí traidisiúnta le dúchas Ceilteach. Bhí an droch steiréaphláta faoi na hÉireannaigh a chruthadh Geraldus (scríobhneoir Anglo-Normannach ón 12ú aois) gur locht fiáin, fíochmhar iad na hÉireannaigh agus nach raibhadar in ann sochaí ceart a eagrú dóibh féin. Shíl sé gur chóir smacht a chur ar na ndaoine seo trí rialacha nua eachtrannach a chur i bhfeidhm. Lean an droch-mheoin seo ar aghaidh ar feadh na céadta blianta. Agus é mar rí Shasana, theastaigh Henry VIII fo-órdú a chuir ar Éirinn. Léirigh culaith dúchasach dlúthpháirtíocht agus aontacht i measc na hÉireannaigh agus ba shiombal ceannairceach é in adhaigh an seilbh a bhí ag na Bhreatannaigh ar Éire. 

 

D’iarr Henry VIII gur cheart éadaí agus faisean Sasanach a chaitheamh ar gach duine. Bhí sé an thréan ar éadaí tradisiúnta ar nós an fallaing agus an torc Éireannach faoi chosc. D’úsáid an rí na dlíthe costias chun cumhacht a léiriú agus a láimhseáil. D’éirigh air dlíthe a chur i bhfeidhm sa tír idir na blianta 1535 agus 1537 a chur dian-srianadh ar na hÉireannaigh maidir le éadaí, nósanna, agus teanga na Sasanaigh a úsáid. Theastaigh uaidh go ghéillfidh na daoine in aghaigh na srianta agus dlíthe smachtúil seo. Sna 1530í bhí ar na saighdiúirí Éireannach a gcuid gruaige a ghearradh níos giorra ach leanadar ar aghaidh ag caitheamh gruaig fada, rud nár thaithin leis na Sasanaigh ar aon chor.

 

Ba iad na srianta seo ceann dos na chéad beartaí cóilíneach in aghaidh na hÉireannaigh ón 15ú aois ar aghaidh tríd na plandálacha. Ba iarracht iad na dlíthe chostais smacht a chur ar an oileán trí léirscrios a dhéanamh ar dhúchas agus féiniúlacht locht na hÉireann.  

 

Má tá fonn agat níos mó a léamh ar an ábhar seo, tá an alt seo le Margaret Jaster fíor-shuimúil:

Jaster, Margaret, “Breeding Dissoluteness and Disobedience: Clothing Laws as Tudor Colonialist Discourse,”Critical Survey 13, No. 3, (2001): 61-77.

 

(*Sumptuary Laws) 

Tags:
Previous Post

3 Cúis Chun Gléasadh Suas Gach Maidin le Lucy Ní Shíocháin

Next Post

An Pocaire Gaoithe