In am an ghátair, tagaimid le chéile chun réiteach d’ár bhfadhbanna a aimsiú. Feictear seo leis an víreas corónach; tá vacsaín againn lú de bhliain amháin ón gcéad dhianghlasáil. Cé nach mbaineann mórán torthaí dearfacha leis an bpaindéimeach, is suntasach an rud é go bhfuil laghdú ar na sceitheadh carbóin san atmaisféar.
Le tabhairt isteach srianta dhianghlasála leibhéil a cúig, níl éinne seachas na hoibrithe riachtanacha ag teastáil chun obair a dhéanamh. Ghlac na hoibrithe eile le hathrú an tsaoil oibre. Chuir siad feabhas ar a scileanna ríomhaireachta chun freastal ar na cruinnithe ar líne agus an obair a dhéanamh lasmuigh de na háiteanna oibreacha. Bhí dualgas ar na scoláirí staidéar a dhéanamh lasmuigh den scoil. Mar is eol do chách, rinneamar ár ndícheall cloí leis na hathruithe inár saoil agus dá bhrí sin, chonaiceamar buntáiste láidir amháin – slí féideartha chun na hastuithe carbóin a laghdú níos luaithe.
Thar na blianta, dúirt na saineolaithe go raibh fadhb uafásach againn – athrú aeráide. Is fíor a rá nár thugamar aghaidh ar an bhfadhb seo; mar shampla i rith an Tíogair Cheiltigh, mhéadaigh na hastuithe. De réir an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO), mhéadaigh sceitheadh an iompair níos mó ná sceitheadh ar bith eile ag an am. Ní hé sin le rá gur thug gach mac máthar agus iníon athar neamhaird ar an bhfadhb; bhí dream beag ag iarraidh éabhlóid a chruthú. I Meán Fómhair 2018, tháinig cailín amháin ón tSualainn go dtí an spotsolas. Greta Thunberg ab ainm di. Chuaigh sí ar stailc ón scoil, agus chruthaigh sí an éabhloid a bhí á lorg ag an dream beag sin. Tharraing a feachtas aird ó gach cearn den chruinneog, bhí an pobal ag caint faoin timpeallacht agus tháinig na polaiteoirí le chéile chun pleananna a chur i gníomh san Aontas Eorpach agus sna tíortha ar fud an domhain. Don chéad uair, bhí gluaiseacht dearfach i gceist.
I bpreabadh na súl, cuireadh an timpeallacht ar an méar fada ar feadh tamaill. Thángamar le chéile mar dhaonra chun déileáil leis an bpaindéimeach.
D’fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) tuairisc shuntasach i mí Eanáir; de réir a taighde, bhí laghdú 17% ar bhreith sceitheadh bainteach le cúrsaí iompair i 2020 i gcomparáid le 2019 ar oileán na hÉireann. Bhí caitheamh peitreail 27% níos ísle ná i 2019. Tá a fhios ag na madraí sa bhaile gur thoradh é seo ar an obair a rinneamar sa bhaile in ionad an áit oibre. B’iad na sceitheadh i 2020 na sceithe is ísle ó 2011, a bhuí sin leis an bpaindéimeach.
Caithfear a admháil go raibh laghdú ollmhór ag an tSín chomh maith, ach nuair a tháinig an tír amach as a dianghlasáil, d’fhás an geilleagar arís agus mhéadaigh na sceitheadh.
I mí Eanair 2019, sheas Greta Thunberg roimh an World Economic Forum san Eilvéis agus dúirt sí go raibh ár dteach trí thine. Ní féidir a shéanadh go bhfuil ár bpláinéid faoi bhagairt a bhuí le hathrú aeráide. Spreag tuairisc ón EPA agus Climate Case Ireland i mí na Samhna 2020, breithiúnas ón gCúirt Uachtarach i mí Lúnasa 2020 nach raibh Éire ag baint a spriocanna amach. Ní hí an timpeallacht an chloch is mó ar phaidrín an rialtais anois de bharr an phaindéimigh, ach, agus sinn ag teacht thar n-ais chugainn féin ón víreas, is léir go mbeidh sé riachtanach díriú isteach ar chur chuige nua a chruthú chun an tsochaí níos slántiúla atá feicthe ag Eamon Ryan, ceannaire an Chomhaontais Ghlais, a shroiceadh.
Tugtar le fios ón taighde atá déanta ag an EPA go bhfuil tús maith curtha againn ar ár n-iarrachtaí dul i ngleic leis an bhfadhbh seo. Nuair a bhíomar ag obair sa bhaile, ag gearradh
amach an taistil go dtí agus ón áit oibre, bhí laghdú tábhachtach ar na sceithe biniúla. Mhúin an dianghlasáil dúinn conas maireachtáil i slí níos fearr d’ár dtimpeallacht. Cuimhnímis nach mbronntanas ónár dtuismitheoirí é ár bpláinéid, ach go bhfuil sé ar iasacht againn ónár bpáistí, mar a deir na saineolaithe. Tá dualgas orainn an timpeallacht a chaomhnú don todhchaí. An é an freagra ná obair sa bhaile?
Cliseadh na sceithe de réir Sustainability Association of Ireland (SEAI) – bíonn na sceitheadh is mó ag baint le húsáid fuinnimh (agus mar sin obair lasmuigh den bhaile)