Scríobhainn Édith de Faoite, an t-Eagarthóir Tuairimíochta, faoin ionadh, brón agus céiliúradh a bhain le bás Eibhlís II.
Is minic a fheicim rudaí a chuireann ionadh orm, ach nuair a chonaic mé físeán ar Twitter le Michelle O’ Neill agus an nuacheaptha Rí Séarlas III, thóg sé soicind dom an íomha a chreidiúnt. An rud ni b’aistí ná an slí cheanúil a chaith an rí leis an mbean atá i gceannas ar an bpáirtí poblachtach sa Tuaisceart. Bhí an chuid cainte i rith na seachtaine mar gheall ar an gcruinniú seo, ina measc daoine ag cáineadh an bhéim a bhí á chur air. Dar le hArlene Foster, bhí an iomarca cainte á déanamh toisc go raibh an chuid cruinnithe idir baill na monarcachta agus lucht Sinn Féin thar na blianta. An cheist atá ar intinn na ndaoine, go háirithe anseo in Éirinn, ná: cad atá i ndán do lucht an Tuaiscirt anois?
Tá sé ráite arís is arís eile gur thaitin an Bhanríon Eibhlís II le daoine toisc gur thug sí cobhsaíocht don Ríocht Aontaithe agus mhair sí agus threoirigh sí trí theacht is imeacht cúig Phríomh Aire dhéag agus na céadta imeachtaí suntasacha. S’é a deireann na daoine atá i bhfábhar na monarcachta ná go dtugann sé seasmhacht do lucht na tíre i rith tréimhse corrach, ach i gcaitheamh seachtaine, ceapadh Príomh Aire nua agus monarc nua sa Ríocht Aontaithe. Níl mórán seasmhachta i gceist le sin, dar liom.
Gan amhras, bhí freagraí éagsúla ag daoine nuair a fuair an Bhanríon bás, agus bhí an raon iomlán freagraí le feiceáil ar oileán na hÉireann. Chun sampla amháin a úsáid, bhí lucht leanúna an foireann sacair Shamrock Rovers ag canadh amhráin ag ceiliúradh bás na Banríona ag cluiche sacair idir iad féin agus an foireann sacair ón tSualainn Djurgardens. Ar an lámh eile, feictear graifítí ar bhalla i mBaile Átha Cliath ag caoineadh bás na Banríona agus ag léiriú tacaíochta do dhílseoirí an rí. Tháinig na céadta daoine amach chun a gcomhbhrón a thaispeánt nuair a bhí an Rí sa Tuaisceart ar a chuairt oifigiúil, ach ansin bhí dream i dteach tabhairne i nDoire ag ceiliúradh nuair a fograíodh bás na Banríona.
Anois, tá athrú láimhe ó thaobh na monarcachta de. Seachas an seanbhean bheag a bhí i réim thall le cuimhne na gcat, anois tá fear i bhfad níos conspóidí. Ón scannal a bhain lena chaidreamh pearsanta le Diana agus le Camilla (ná lig dúinn dearmad a dhéanamh ar an ráiteas faoin súitín) go dtí na ráflaí go raibh sé ag déanamh iarrachta a thionchar a imirt ar chúrsaí polataíochta, is liosta le háireamh é na rudaí diúltacha a bhaineann leis i ndearcadh an phobail. Fiú le déanaí, bhí caint ar a iompar cantalach nuair a tháinig racht feirge air agus é ag síniú leabhair ag Caisleán Hillsborough i mBéal Feirste. Ní nach ionadh nach bhfuil an cion céanna ag an bpobal do is a bhíodh dá mháthair, bean a bhíodh séimh i gcónaí, is cosúil.
Ní féidir dearmad a dhéanamh freisin ar an mbaint a bhíodh ag an Rí nua le cúrsaí míleata. S’é Rí Séarlas an Coirnéal Ceannais ar an Reisimint Pharaisiút, mar aon le freagrachtaí míleata eile. Ní dhéanfaidh muintir an Tuaiscirt dearmad go deo ar an réabadh a rinne saighdiúrí ón reisimint seo ar cheantar an Tuaiscirt. Is iad baill na reisiminte seo a raibh freagrach as an slacht i mBaile Uí Mhurchú agus as Domhnach na Fola, eachtraí foréigneacha inár maraíodh sibhialtaigh neamhurchóideacha. Is deacair dearmad a dhéanamh ar an mbaint a bhíodh ag Séarlas ar na laethanta dorcha sin. Seans go mbeadh an chuid daoine sa Tuaisceart míshásta le rí i gceannas agus ról tabhachtach aige le grúpa freagrach as básanna, foiréigean agus sceimhle sa cheantar.
S’e an rud ba scanrúla faoi bhás na banríona ná an costas a bheidh ar an socraid agus ar na himeachtaí ar fad a bhaineann leis. Deirter go mbeidh costas tuairim is £8 milliún ar an tórramh, agus níl ann ansin ach garmheastacháin mar níl an fíorchostas fógraithe ag an bPálás fós. Tá fógraithe, áfach, go mbeidh cáiníocóirí ag iompar ualach na chostais. Beidh costais shlándála san áireamh agus beidh siad ard, toisc go mbeidh beagnach gach ceannaire domhanda i láthair ag an imeacht seo. Caithfear pá na hoibrithe atá ag obair agus a bheidh ag obair ar an lá a smaoineamh ar freisin. Ag socraid na Ríonmháthar i 2002, bhí timpeall 12,000 póilín agus 1,000 oibrithe eile ag obair agus, gan dabht, beidh níos mó don socraid seo. Bhí costas £5.4 milliún ar an socraid sin, chun smaoineamh a thabhairt duit ar an gcostas a bheidh i gceist leis an gceann seo. Tá sé seo go léir ag tárlú taobh le an ngéarchéim chostas maireachtála is measa atá feicte againn le fada an lá. Dar leis an Rianaire Income atá ag Asda, níl ach níos lú ná céad punt steirling fágtha in aghaidh na míosa ag clann sa Tuaisceart ar an meán. Tá daoine ann i mbarr a gcéille ag iarraidh na billí a íoc, gan cabhair ón rialtas, ach tá an rialtas céanna toilteanach na milliún punt a úsáid chun íoc as socraid daoine a bhí an shabhair ar an gcéad dul síos.
Nílim chun an tabhacht a bhain leis an mBanríon a shéanadh. Bhí an chuid daoine ar fud an domhain ceanúil uirthi. Thosaigh sí amach mar bhanríon nuair a bhí an Ríocht Aontaithe i mbarr a réime, le himpireacht a chlúdaigh cuid mhór don domhain. Bhíodh sí comhartha seasmhachta i rith tréimhse míshocair agus seasann sí do láidreacht na Ríocht Aontaithe do an chuid daoine. Ach anois, is deis é do gach éinne, go háirithe iad sa Tuaisceart athscrúdú a dhéanamh ar an tabhacht a bhaineann leis an monarcacht. An mbeidh lucht an Tuaiscirt ag iarraigh fáil ré leis na hinstitiúide anois, le fear míleata a bhí freagrach as fualaingt, bás agus brón, nó an mbeidh siad sásta aghaidh a thabhairt ar an todhchaí? Is maith an scéalaí an aimsir. B’fhéidir go ceart aithris a dhéanamh ar Michelle O’ Neill agus an stair roinnte atá idir Éire agus a Ríocht Aontaithe a adhmháil, ach fós troid le haghaidh saoirse ó hiarsma na himpireachta.